
‘Na fadúdas in aghaidh na n’fheadars’ – eagrán chluiche ceannais na hÉireann le Dara Ó Cinnéide agus John Joe Ó Dochartaigh
AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó BhéalShow Notes
‘Na fadúdas in aghaidh na n’fheadars’
San eagrán speisialta seo de ‘An Pod Spóirt’ Ciarraí in aghaidh Dhún na nGall i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann 2025 atá faoi chaibidil againn. Inár dteannta tá aoi speisialta againn, John Joe Ó Dochartaigh iarbhainisteoir agus iarimreoir le Dún na nGall a bhí ar an bhfoireann a bhuaigh craobh na hÉireann don contae den chéad uair i 1992. Deir John Joe linn cén fáth gur buntáiste dó a bhí ann nach raibh a fhios aige go mbeadh sé ag imirt ó thosach go maidin an chluiche ceannais an bhliain sin. Deir Dara Ó Cinnéide linn go mbíon package milseán aige maidin an All-Ireland ach go bhfágfadh sé cúpla ceann ar leith ina dhiaidh...
Agus pléitear na coimhlintí agus na gnéithe eile den imirt a mbeidh tábhacht leo Dé Domhnaigh.
An coimhlint stíleanna a bheidh ann dáiríre? An féidir David Clifford agus Seanie O’Shea a choimeád ciúin. Cad is féidir a dhéanamh le Michael Murphy ? An féidir le Ciarraí na tinte go léir a mhúchadh? Cic amach millteach Shaun Patton. Jim McGuinness agus Jack O’Connor.
An ceangal Gaeltachta agus ‘Na fadúdas (fádtaobhde) in aghaidh na n’fheadars’. Agus ar deireadh thiar, pléitear an cheist is tábhachtaí acu go léir: cé a bhuafaidh an meaits?
Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.
‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
More from AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal
Tá an t-iriseoir ó Mhaigh Eo, Póilín Ní Chiaráin, le criú an ‘An Pod Spóirt’ chun labhairt ar bhua stairiúil a contae dúchaisi gcraobh na hÉireann. Pléitear chomh maith craobh peile na bliana seo agus cluichí ceannais chraobhacha na mban an deireadh seachtaine seo Tá Póilín Ní Chiaráin i dteannta Darren, Pádraic agus Dara san eagrán deireanach sa tsraith seo de ‘An Pod Spóirt’ chun féachaint siar ar lá na fuascailte do Mhaigh Eo i bPáirc an Chrócaigh an tseachtain seo caite nuair a bhuaigh siad craobhna hÉireann den chéad uair le 75 bliain. Tugann Póilín blaiseadh dúinn den cheiliúradh i Maigh Eo le seachtain agus caitear súil siar ar an gcluiche stairiúil in aghaidh Chiarraí agus ar na deora áthais a lean i bPáirc an Chrócaigh. Cuimhnítear chomh maith ar na daoine nár mhair chun slánú Mhaigh Eo a fheiceáil agus labhraítear ar an misneach a thabharfaidh an bua don chontae. Deir Pádraic, an Gaillimheach inár measc, go raibh áthas air féin fáil amach agus Maigh Eo ag déanamh ar cheann scríbe, go raibh a leithéid de rud is croí ann! Pléitear freisin buaicphointí Chraobh Peile na hÉireann 2026, na buaicphointí agus na ceachtanna atá le foghlaim. Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Caitheann Darren, Pádraic agus iarchaptaen Chiarraí Dara Ó Cinnéide súil chun cinn ar chluiche ceannais chraobh peile na hÉireann a bheidh ar siúl i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh. Agus Ciarraí ag tabhairt aghaidh ar Mhaigh Eo caitear súil ar na gnéithe is tábhachtaí den choimhlint mhór, ó pháirc na himeartha go dtí na dúshláin shíceolaíochta agus phraiticiúla a bhaineann le cluiche ceannais. Pléitear chomh maith an ceangal a bhíonn idir cluichí ceannais iomána agus peile na hÉireann agus an ceacht mór a bhí le foghlaim ó thaispeántas Luimnigh in aghaidh na Gaillimhe an tseachtain seo caite. Deir Dara linn go mbíonn muintir Chiarraí cáiréiseach roimh chluichí ceannais mar go bhfuil oiread sin acu caillte acu. Ach deir sé go bhfuil sé in am deireadh a chur leis an ‘dhera’ agus géilleadh don fhianaise lom os ár gcomhair. Deir sé gur chruthaigh sárthaispeántas Luimnigh an tseachtain seo caite gur minice ná a mhalairt gurb iad na neamhiontais a bhuann na cluichí móra agus go mb’fhéidir go mbeidh Maigh Eo ag brath an iomarca ar na hiontais a d’fhéadfadh tarlú an Domhnach seo. Pléitear plean trí bliana bhainisteoir Mhaigh Eo Andy Moran, sárchumas Kobe McDonald agus David Clifford agus cé a bheidh á marcáil. An dtosóidh captaen Chiarraí Paul Geaney? Cá bhfuil buaic imreoirí óga Mhaigh Eo? An bhfuil laigí i gcóras cosanta Chiarraí agus an bhfuil tobar an áidh tráite acu? Tráchtar ar deireadh ar an mbriseadh croí a bhaineann le cluiche ceannais a chailliúint. Trí lá a chaith Dara ag siúl i bPáirc Náisiúnta Chill Airne ag iarraidh dearmad a dhéanamh ar theip Chiarraí in 2023. Deir Pádraic, Gaillimheach go smior, gur ag triall ar an bpáirc chéanna a bheidh sé féin má bhíonn an bua ag Maigh Eo Dé Domhnaigh! Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
San eagrán speisialta breise seo de An Pod Spórt, chuireamar Mártan Ó Ciardha, Gaillimheach agus sárchraoltóir agus sárscríbhneoir agus Gearóid Ó Tuthaigh, Luimníoch agus duine de na staraithe is fearr in Éirinn, ag caint lena cheile faoi chluiche ceannais na hÉireann Dé Domhnaigh idir Luimneach agus Gaillimh, faoi stair na hiomána sa dá chontae agus go leor eile. Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Ar an eagrán speisialta seo de An Pod Spórt, caitear súil chun cinn ar chluiche ceannais na hÉireann Dé Domhnaigh idir Luimneach agus an Ghaillimh. Tá John Allen, Corcaíoch, iarbhainisteoir agus iarimreoir, agus Mark Foley, Luimníoch, iarlaoch agus All Star in éineacht le Seán Tadhg agus Pádraic chun na ceisteanna móra go léir a phlé. Caitear súil ghrinn ar chóras daingean imeartha na Gaillimhe. An mbrisfidh Luimneach le nós chun dul i ngleic leis nó an bhfanfaidh siad dílis don chóras a bhfuil oiread sin buaite aige dóibh? An mbláthóidh imreoirí óga na Gaillimhe ar an ardán mór nó an mbeidh an iomarca taithí ag Luimneach dóibh? Cé a thosóidh? Cé a rachaidh ag marcáil cé? Cluiche an-teaicticiúil atá á thuar ach an mar sin a bheidh nuair a bheidh an crú ar an tairne? Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Spórt’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta agus éistigí chomh maith le ‘An Pod Gaeilge’. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Caitheann Darren, Pádraic agus Dara súil chun cinn ar bhabhta leathcheannais na chraobh peile na hÉireann – Contae an Lú in aghaidh Mhaigh Eo agus Ciarraí in aghaidh Átha Cliath. Cé a bheidh buacach agus cé a bheidh caillteach? Pléitear cén fáth gur fíor anois an seanchlíche gur ag brath ar thoradh na coimhlinte lár an ghoirt a bhíonn na cluichí. Agus contae Lú i gcluiche leathcheannais na hÉireann den chéad uair ó 1957 an gcuirfidh a n-eapsa taithí ar an lá mór as d’fhoireann Gavin Devlin? Agus cad faoi réalta óg Mhaigh Eo Kobe McDonald? An bhfuil sé déanta don ardán mór? Ní rófhada ó shin ó bhí Andy Moran, bainisteoir Mhaigh Eo, ag caint faoi phlean trí bliana agus is beag duine a cheap go mbeadh contae Lú, agus iad sáinnithe i Roinn 2 na sraithe, i ngiorracht scread asail de chluiche ceannais na hÉireann? Agus deis ghlórmhar gan choinne ag an dá chontae áit a bhaint amach sa chluiche ceannais, cé a thapóidh í? Sa chluiche leathcheannais eile beidh súil ag muintir Chiarraí a chruthú go bhfuil tréimhse mháistreachta Átha Cliath críochnaithe go ceann tamaill agus beidh seanfhondúirí cumasacha fhoireann na hardchathrach ag iarraidh a thaispeáint nach bhfuil deireadh déanta go fóill. Beidh go leor ag brath, a deirtear, ar chic amach iontach na Ríochta agus an féidir le hÁth Cliath taoide na seilbhe a chasadh. Pléitear chomh maith an téarma oifigiúil nua Gaeilge ar an ‘two pointer’ agus insíonn Dara dúinne faoina laethanta i mbun anailíse le Joe Brolly. Caitear súil sciobtha siar ar bhabhtaí leathcheannais na hiománaíochta agus ar cliseadh Chorcaí. An raibh baint ag an iomarca fuilibiliú le teip na Reibiliúnach? Agus cé mhéad bonn uile Éireann atá buaite agatsa, a Dhara? Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.