Tús Áite

Tús Áite: Pionós 15 bliain do Jeffery Donaldson

Tús Áite

Show Notes

Gearradh téarma príosúnachta cúig mbliana déag ar iar cheannaire an DUP i gCúirt in Iúr Chinn Trá as coireanna gnéis i gcoinne beirt chailín óg inniu, Phléamar an scéal le Liam Tunney Iriseoir leis an Belfast Telegraph.

See omnystudio.com/listener for privacy information.

More from Tús Áite

Oct 23, 2026

Ghortaigh gunnadóirí Palaistíneacha cúigear Iosraelach sular maraíodh beirt acu tar éis malartú lámhaigh fada. Mar thoradh ar an eachtra sin, d’ordaigh Príomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, dianghlasáil ar fud an Bhruach Thiar. Phléamar an scéal le Aonghus Lambkin, Comhordaitheoir Daonchairdis leis na Náisiún Aontaithe

Oct 23, 2026

Scéalta móra na seachtaine á bplé le Clodagh Ní Mhuirí, Comhairleoir cathrach BÁC le Fine Gael, agus Míde Nic Fhionnlaíoch, Ball de na Daonlathaigh Sóisialta. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Oct 23, 2026

Tá Dónal Lunny, Ceoltóir mór le rá a bhí mar bhall den ghrúpa Planxty, agus a bhí mar cheannródaí i saol an cheoil thradisiúnta i gcoitinne, imithe ar shlí na fírinne. Labhraíomar le Paddy Glackin, fidléir, ball bunaidh de The Bothy Band, agus le Macdara Ó Faoláin, ceoltóir traidisiúnta bouzuki a bhí ag seinm le Dónal Lunny le déanaí.

Oct 23, 2026

Tá an chéad bheathaisnéis mór ar Flann O’Brien nó Myles na gCopaleen nó Brian Ó Nualláin le tríocha bliain anuas á sheoladh ag ionad ollscoil Notre Dame i mBaile Átha Cliath um thráthnóna. Tá Brian Ó Conchubhair, údar agus Ollamh le Teanga agus Litríocht na Gaeilge in Ollscoil Notre Dame, linn ar an gclár chun é a phlé.

Oct 22, 2026

Scéalta ó na nuachtáin áitiúla ó fud fad na tíre á gcur i láthair ag Jack Basquille. See omnystudio.com/listener for privacy information.

See all episodes →