Tús Áite

Painéal an Luain: Oighneas Bhóthar Gharbh Achaidh Críochnaithe?

Tús Áite

Show Notes

Tá rún mímhuiníne sa Chéad Aire Michelle O’Neill agus trí Aire de chuid Sinn Féin á phlé ag Stormont inniu. Na páirtithe Aontachtacha a mhol an rún mar gheall ar an bpáirt a ghlac O’Neill agus na hAirí eile san agóid i gcoinne paráid na bhfear buí ar bhóthar Gharbh Achaidh. Phléamar an scéak seo leis an bPainéal. See omnystudio.com/listener for privacy information.

More from Tús Áite

Oct 23, 2026

Ghortaigh gunnadóirí Palaistíneacha cúigear Iosraelach sular maraíodh beirt acu tar éis malartú lámhaigh fada. Mar thoradh ar an eachtra sin, d’ordaigh Príomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, dianghlasáil ar fud an Bhruach Thiar. Phléamar an scéal le Aonghus Lambkin, Comhordaitheoir Daonchairdis leis na Náisiún Aontaithe

Oct 23, 2026

Scéalta móra na seachtaine á bplé le Clodagh Ní Mhuirí, Comhairleoir cathrach BÁC le Fine Gael, agus Míde Nic Fhionnlaíoch, Ball de na Daonlathaigh Sóisialta. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Oct 23, 2026

Tá Dónal Lunny, Ceoltóir mór le rá a bhí mar bhall den ghrúpa Planxty, agus a bhí mar cheannródaí i saol an cheoil thradisiúnta i gcoitinne, imithe ar shlí na fírinne. Labhraíomar le Paddy Glackin, fidléir, ball bunaidh de The Bothy Band, agus le Macdara Ó Faoláin, ceoltóir traidisiúnta bouzuki a bhí ag seinm le Dónal Lunny le déanaí.

Oct 23, 2026

Tá an chéad bheathaisnéis mór ar Flann O’Brien nó Myles na gCopaleen nó Brian Ó Nualláin le tríocha bliain anuas á sheoladh ag ionad ollscoil Notre Dame i mBaile Átha Cliath um thráthnóna. Tá Brian Ó Conchubhair, údar agus Ollamh le Teanga agus Litríocht na Gaeilge in Ollscoil Notre Dame, linn ar an gclár chun é a phlé.

Oct 22, 2026

Scéalta ó na nuachtáin áitiúla ó fud fad na tíre á gcur i láthair ag Jack Basquille. See omnystudio.com/listener for privacy information.

See all episodes →