
100 lá Catherine Connolly, Éire in aghaidh Iosrael agus Micheál Martin agus an Ghaeilge
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó BhéalShow Notes
Tá céad lá caite ag Catherine Connolly ina hUachtarán ar Éirinn. Conas atá ag éirí léi? An bhfuil beart de réir a briathair á dhéanamh aici? An bhfuil sí níos ciúine ná mar a síleadh a bheadh sí? Déanann Bridget Bhreathnach an scéal a phlé leis an gcraoltóir Máirín Ní Ghadhra agus le Pádraic Ó Ciardha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí ó Tuairisc. Pléann siad chomh maith an chonspóid mhór a bhaineann leis na cluichí atá beartaithe idir Éirinn agus Iosrael i Sraith na Náisiún sa bhfómhar agus caitheann siad súil freisin ar a raibh le rá ag an Taoiseach agus é faoi agallamh ag Máirín ar 7Lá ar TG4 an tseachtain seo. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
More from AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
Deirtear gur thart ar 10,000 duine a fhreastalaíonn ar imeachtaí Oireachtas na Samhna i gcaitheamh na féile agus tá Cill Airne go breá in ann glacadh leis an líon sin cuairteoirí. Idir Óstán an Gleneagle agus Óstán Brehon, áit a mbíonn formhór na n-imeachtaí ar bun, tá neart le duine a choinneáil ag imeacht gan cos a leagan taobh amuigh den doras ar chor ar bith. Ach tá neart ann freisin don té a bheadh ag iarraidh blaiseadh a fháil de shaol an bhaile nó den tírdhreach álainn sa gceantar. Tá moltaí maithe ag Dara Ó Cinnéide dúinn faoi háiteanna is fearr le greim le n-ithe a fháil (ná gabh thar an doras ag Bricín Restaurant and Boxty House!). Tá suim mhór ag Clíona sna comórtais amhránaíochta, sna lúibíní agus sna hagallaimh bheirte agus is ar éigean a fhaigheann sí deis na hóstáin a fhágáil agus í ag dul ó chomórtas go comórtas. Beidh uirthi aire a thabhairt dá glór i mbliana mar go mbeidh sí i istigh ar Chorn Uí Riada agus í cáilithe don chomórtas mar bhuaiteoir chomórtas shean-nós na mBan anuraidh. Ní scaoilfeadh sí aon rún linn maidir leis an amhrán a bheidh á chasadh aici, beidh orainn fanacht go gcloisfidh muid í ar an ardán. Is tá Fionntán de Brún ag súil go mór leis an bhféile arís i mbliana agus moladh mór aige do na comórtais liteartha mar spreagadh do scríbhneoirí óga. Bhain sé an-taitneamh as an bhféile i mBéal Feirste, a chathair dhúchais, anuraidh nuair a thug sé suas le 150 duine ar thuras treoraithe na Gaeilge i mBéal Feirste, agus nuair gur bheag nár thit a chara as a sheasamh le teann iontais nuair a chuala sé slua daoine ag caint Gaeilge. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orain ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
In éineacht le criú An Pod Gaeilge an tseachtain seo tá John Walsh a bhfuil scéal na Gaeltachta mar a bhí (agus mar atá) ar fáil ina shárleabhar nua Ar Lámh Shábhála? Coimisiún na Gaeltachta 1926 Ina leabhar nua Ar Lámh Shábhála, Coimisiún na Gaeltachta 1926 tá cuntas beoga ríshuimiúil ag John Walsh ar an gcoimisiún agus na daoine a bhunaigh an Ghaeltacht 100 bliain ó shin. Ar eagrán na seachtaine seo de An Pod Gaeilge, tá John in éineacht le Seán Tadhg Ó Gairbhí, Maitiú Ó Coimín agus Gormfhlaith Ní Thuairisg chun plé a dhéanamh ar stair na Gaeltachta, ar cad is Gaeltacht ann, ar na hathruithe ar chás na Gaeltachta le 100 bliain agus ar na ceisteanna, na claonta, na fadhbanna, na haighnis agus na polasaithe nár tháinig aon athrú orthu le 100 bliain anuas. Roimh bhunú Choimisiún na Gaeltachta in 1926, dúirt an chéad cheannasaí ar an saorstát William T Cosgrave ‘gur buaileadh agus gur robáladh agus gur fágadh an Ghaeilge leathmharbh i leataoibh an bhóthair’. An cheist mhór a bhí aige ná an rabhamar chun ‘í a fhágaint ina luighe ansan nó an rabhamar chun í do leigheas agus í a chur ar láimh shábhála’? Cén rogha a deineadh 100 bliain ó shin agus cén rogha atá le déanamh inniu againn? Chomh maith leis an bplé faoi na ceisteanna sin, tá an t-uasdátú eisiach deireanach againn faoi phósadh Mhaitiú roimh an lá mór amárach. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orain ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Bhí Buiséad 2027, an pholaitíocht idirnáisiúnta, agus tionchar na meán sóisialta ar an tsochaí faoi chaibidil ag Darren agus a chuid aíonna Gormfhlaith Ní Thuairisg, Alex Hijmans agus Cormac Ó hEadhra, a bhí ina aoi den chéad uair ar An Pod Gaeilge. Agus an podchraoladh faoi lán seoil, thug aoi speisialta - madra Ghormfhlatha cuairt ar an gcriú… Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é An Pod Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. An Pod Gaeilge is an Irish language podcast from Tuairisc, the national IRish language online news service. Visit us at www.tuairisc.ie or on social media.
San eagrán breise seo de ‘An Pod Gaeilge’ pléitear cás na Gaeilge agus na Gaeltachta i mBuiséad 2027 a fógraíodh inniu Méadú níos lú ná €1 milliún a fógraíodh don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin i mBuiséad 2027. Béim síos mhór do lucht na Gaeilge a bhí san fhógra maidir leis an gcaiteachas ar an teanga agus cháin an freasúra go láidir cur chuige an rialtais i leith na teanga agus na Gaeltachta. In éineacht le Seán Tadhg agus Pádraic chun sin a phlé, tá Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, a deir gur ‘tubaiste don Ghaeilge’ a bhí ann. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
In éineacht le Darren agus Maitiú ar an eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ tá na hiriseoirí Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Póilín Ní Chiaráin linn chun scéal léanmhar Bhóthar Gharbhachaidh a chíoradh. Pléitear an dochar atá déanta ag an tsáinn do Choimisiún na bParáidí agus do Stormont féin. An dtitfidh an feidhmeannas roimh an Nollaig? Pléitear ‘dreach nua ar sheanchréachta’ Dhrom Crí agus ról Jamie Bryson, gníomhaí dílseach, sa chonspóid. Tá plé bríomhar againn freisin faoin gconspóid a lean alt le Donncha Ó hÉallaithe ar Tuairisc faoi chomharthaí Gaeltachta a cuireadh suas i gceantair oifigiúla Gaeltachta i gcathair na Gaillimhe. ‘Gadaíocht chultúrtha’ a dúirt Ó Donncha Ó hÉallaithe. ‘Caint mhaslach’ a bhí ansin, dar le lucht pleanála teanga. Cuireadh leis an gconspóid nuair a dúirt Ó hÉallaithe gur gadaíocht chultúrtha a bhí i gceist chomh maith leis an ‘An Cheathrú Ghaeltachta’ i mBéal Feirste? Ach cad is brí leis an téarma Gaeltacht sa lá atá inniu ann? Nó an ndéanann sé aon difríocht? Ar deireadh pléitear an dara cluiche conspóideach ag Éirinn in aghaidh Iosrael, a bheidh ar siúl Dé Domhnaigh. É sin go léir agus uasdátú ar na hullmhúcháin roimh phósadh Mhaitiú… Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.