Scéalta

An Chathair Mhór

Scéalta

Show Notes

D’fhág Caoimhe a baile chun a haisling a fhíorú sa chathair mhór. Ach nuair a bhíonn drochthaithí aici ar shráideanna na cathrach, athraíonn a meon agus déanann sí iarracht a bheith níos scanrúla chun í féin a chosaint. An bhfaighidh cairdeas an lámh in uachtar ar uaigneas?

More from Scéalta

Mar 10, 2023

Is páiste fiosrach é Rian ach b’fhearr leis a bheith ar a fhón ná ag iascaireacht lena athair. Ach nuair a bhuaileann sé le seanfhear cois abhann agus cloiseann sé scéal an Bhradáin Feasa, músclaíonn a chuid suime san iascaireacht. An éireoidh leis breith a bhradán feasa féin?

Mar 10, 2023

Nuair a bhogann Neilí agus a mam ón gcathair go feirm Mhamó, ní mó ná sásta atá sí agus í sáinnithe faoin tuath. Ach an athróidh an scéal nuair a thagann “an t-arracht”, an beithíoch dearg, le linn na hoíche? Foghlaimeoidh sí rud beag faoin athrú agus gheobhaidh sí tuiscint nua ar an saol.

Mar 10, 2023

Tá Fionn ag streachailt lena cheachtanna pianó agus a bheirt thuismitheoir ina gceoltóirí. An mbriseann an dúchas i gcónaí? B’fhéidir nach bhfuil sé ag féachaint san áit cheart. Nuair a fheiceann sé bean an bhodhráin ag barr na haille, téann sé ar aistear ceoil nua.

Mar 10, 2023

Gach bliain, ní mór d’eascann an easa dul timpeall toibreacha leighis na habhann chun iad a ghlanadh, díreach mar a rinne a athair roimhe. An uair seo, áfach, nuair a dhúisíonn sé tar éis lá oibre ollmhór, tá sé tinn. An bhfuil ainmhithe an dá chos tar éis é a thréigean?

Mar 3, 2023

Tar ar thuras samhlaíochta leis an tsraith nua dhraíochtúil seo Scéalta!

See all episodes →