Seachtain

30 bliana de TG4: 5 iconic things a thug TG4 dúinn

Seachtain

Show Notes

Is breá leis na Gaeil TG4. Ó bunaíodh an cainéal ar Oíche Shamhna 1996, tá áit lárnach bainte amach aige i saol na Éireann.

Lena gcláracha faisnéise, na drámaí ceannródaíocha, agus dár ndóigh an t-aicsean spóirt ar fad, tugadh go leor cuimhní speisialta dúinn thar na blianta.

Mar sin de, agus an craoltóir ag ceiliúradh 30 bliana ar an fhód, tá muid chun dul siar ar bhoithrín na smaointe.

Ar Seachtain cuireann Katie Whelan cuid de na cuimhní is íocónaí a thit amach ar TG4 le tríocha bliana anuas i gcuimhne dúinn.

Foclóir:

Achainí: Petition

Bóthar achrannach: A difficult road

Ceann scríbe: Destination

Cainéal Breatnaise: Welsh channel

Lóchrann dóchais: Beacon of hope

Ina chíor thuathail: In a state of commotion or chaos

Ag teacht in inmhe: Coming of age

An saol osnádúrtha: The supernatural world

Geilleagar: Economy

Beart de réir briathar: Practice what you preach

Ballraíocht: Membership

Maoiniú: Funding

Éabhlóid: Evolution

Mana: Motto

Clúdach: Coverage

Rath: Success

Iléagsúlacht: Diversity See omnystudio.com/listener for privacy information.

More from Seachtain

Oct 15, 2026

Tá Baile Átha Cliath ag éirí níos Gaelaí óir tá Ceathrú Ghaeilge beartaithe dó. Beidh an Cheathrú Ghaeilge lonnaithe thart ar Shráid Fhearchair, Sráid Camden agus Sráid Synge, áit a bhfuil Gaeilgeoirí agus roinnt institiúidí agus áiseanna Gaeilge lonnaithe cheana féin. Tá sé ina sprioc ag an Cheathrú go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil, le cloisteáil agus in úsáid go nádúrtha gach lá i ngnóthaí an cheantair. Ach cén dóigh a athróidh sé an chathair? Agus cén dóigh is féidir gnólachtaí sa cheantar a mhealladh le Gaeilge a úsáid? Labhair Maitiú Ó Casaide, Stiúrthóir Cheathrú Gaeilge Bhaile Átha Cliath, ar Seachtain faoin bhfís nua Ghaelach don phríomhchathair. Foclóir: Ceathrú: Quarter Eagarthóir: Editor Fís: Vision Athfhorbairt: Redevelop Ag feidhmiú: Operating Dearfacht: Positivity Earcaigh: Recruit Athchruthú: Recerete Bóthar na bhFál: The Falls Road Feiceálach: Visible or prominent Cúthail: Shy Gadaíocht chultúrtha: Cultural theft Masla: Insult Lipéad: Label Tionscadal: Project Borradh: Surge or growth See omnystudio.com/listener for privacy information.

Oct 7, 2026

Tá seachtain chorrach, ghnóthach eile i ndiaidh a bheith ann ó thuaidh. Ar Bhóthar Gharbhachaidh, ceantar náisiúnach i bPort an Dúnáin, tá slua mór léirsitheoirí ag iarraidh stop a chur le mórshiúl de chuid an Oird Oráistigh, dul tríd a gceantar. Leis an aighneas seo ag leanúint ar aghaidh le breis is seachtain anois, tá an t-iriseoir Ciarán Dunbar liom le tumadh isteach sa scéal agus sa stair. Mórshiúil: Parade Aighneas: Discord Fir bhuí: Orange men Srianta: Restrictions Iarratas: Application Cinneadh: Decision Gheall sé: He promised Cónaitheoirí: Residents Mí-ord: Disorder Círéibí: Riots Lámh in uachtar: The upper hand Cuir faoi chois: To oppress Foréigean: Violence Achrann: Acrimony Neamhaird: To pay no attention to Scoilte: Divided See omnystudio.com/listener for privacy information.

Oct 1, 2026

Tá clú agus cáil ar Chontae an Chláir sa lá atá inniu ann mar gheall ar an gceol, ach ní i bhfad ó shin a bhí Gaeltacht fhairsing láidir sa chontae. Mar a bheadh foláireamh soiléir ann ó aimsir a chuaigh thart, chaill an Clár a cainteoirí dúchais lenár linn féin. Agus ansin, rinneadh dearmad gur ann di riamh. Ach tá daoine ag obair chun stair na Gaeltachta sin a chur in iúl do mhuintir an chontae agus fiú chun Coláiste Gaeilge Charraig a’ Chabhaltaigh a oscailt in athuair. Duine acu sin ná an Dr Síle Níc Ní Choincheannain. Is léachtóir san oideachas le saineolas sa Ghaeilge í i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Labhair sí le Ciarán Dunbar faoi Ghaeilge agus faoi Ghaeltacht an Chláir, agus faoi na hiarrachtaí chun Coláiste Eoghan Uí Chomhraidhe a oscailt arís. See omnystudio.com/listener for privacy information.

Sep 24, 2026

Tréigeadh go leor oileán Éireannach thar na blianta. Oileán Ghabhla mar shampla, áit a bhfuil cáil air mar gheall ar an amhrán Báidín Fheilimí. Tá sé suite tuairim is míle amach ó chósta Dhún na nGall. Agus tráth dá raibh, bhí na scórtha teaghlach ina gcónaí ann. D'fhág siad an t-oileán sna 1960í áfach. D'fhág na pobail a bhí ag saothrú a slí beatha ón talamh agus ón fharraige agus bhog siad anonn go dtí an mhórthír. Anois, leathchéad bliain ina dhiaidh sin, tá beatha ag teacht ar ais chuig an oileán de réir mar atá daoine ag filleadh ar a chladach arís. Ar Seachtain, labhair an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin faoin bheocht agus faoin bhfuinneamh nua atá á chur ar ais i nGabhla. Foclóir: Bád farantóireachta: Ferry Go buan: Permanently Earraí: Goods Ag dul i léig: Declining Banaíodh an t-oileán: The island was deserted Ar leac an dorais: On the doorstep Deontas: Grant Gineadóirí: Generators Athchóirigh: Renovate Bonneagar: Infrastructure Leathanbhanda: Broadband Ag obair go cianda: Working remotely Uathúil: Unique Sainiúil: Distinctive Teas: Heat Ar cíos: Rent Iargúltacht: Remoteness See omnystudio.com/listener for privacy information.

See all episodes →