Cruthaigh

Cruthaigh: Emmet de Barra & Féile Splanc

Cruthaigh

Show Notes

Cad a chruthóidh tú trí Ghaeilge? Labhraíomar le hEmmet de Barra, Oifigeach Féilte le Craobh BhÁC 7. Rugadh agus tógadh ar Bhóthar na hUaimhe i mBÁC 7 agus tá cónaí air ar an gCabrach anois. Bhí sé mar chathaoirleach ar Chlub Chonradh na Gaeilge ar feadh 3 bliana is anois tá sé ina oifigeach Féilte le Craobh BhÁC 7. Tá sé ag obair mar fhoclóirí le Foclóir Stairiúil na Gaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann. Ghlac sé ról mar Oifigeach Féilte le Craobh BhÁC 7 mar go raibh sé ag iarraidh cabhrú an cheantar a athrú go áit a bheadh an Ghaeilge i lárnach agus go mbeadh éinne abalta saol s'aige a chaitheamh trí mhéan na gaeilge, ní amháin sa bhaile nó san obair ach sa gnáth saol.An bhfuil fonn ort rud éigin a chruthú? Tá tuilleadh tacaíochtaí ar fáil ag www.gaeilge365.ie

More from Cruthaigh

Aug 19, 2026

Cad a chruthóidh tú trí Ghaeilge?Labhraíomar le Emma Ní Chearúil, craoltóir, cruthaitheoir agus scríbhneoir, a bhfuil a croí istigh i gceol agus cultúr na hÉireann, agus atá tiomanta do ghluaiseachtaí pobail. Bíonn sí ag scríobh ar chúrsaí cultúrtha agus ceoil ar son The Irish Times, is láithreoir cláracha ceoil í ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus tá sí mar chuid d'fhoireann léirithe an podchraoladh Rebel Matters. Le trí bliana anuas tá Raidió Rí-Rá faoina stiúir, ról ina leagann sí béim ar tógáil pobail, agus ardán a sholáthair do cheol na hÉireann a shásaíonn spéiseanna cultúrtha na n-óg. Is Iarchathaoirleach ar Chlub Chonradh na Gaeilge agus iarbhall ar Bhord Stiúrtha fhéile litríochta Gaeilge IMRAM í.An bhfuil fonn ort rud éigin a chruthú? Tá tuilleadh tacaíochtaí ar fáil ag www.gaeilge365.ie.

Aug 10, 2026

Cad a chruthóidh tú trí Ghaeilge? Labhraíomar le hEoin P Ó Múrchú, scríbhneoir agus aistritheoir ó Bhaile Átha Cliath. Bíonn a chuid filíochta agus grinn á chur i láthair aige timpeall na tíre agus ar líne. Is é a bhunaigh Amhránaithe an Chlub, oíche mhíosúil amhránaíochta, agus tá baint lárnach aige le réimse leathan grúpaí pobail, ina measc; Na Gaeil Óga agus GaelGÁIRÍ chomh maith le himeachtaí cultúrtha, foilseacháin éagsúla agus eile. An bhfuil fonn ort rud éigin a chruthú? Tá tuilleadh tacaíochta ar fáil duit ag www.gaeilge365.ie

Jul 27, 2026

Cad a chruthóidh tú trí Ghaeilge? Labhraíomar le hAisling Ní Dhonnabháin, comhbhunaitheoir Fréamhú Collective agus craoltóir agus gníomhaí teanga le taithí na mblianta sna meáin Ghaeilge mar láithreoir teilifíse agus raidió, agus le tógaint pobail le heagraíochtaí Gaeilge. Tá croí Aisling i gcúrsaí bithéagsúlachta agus creideann sí go láidir gurb ionann cosaint na Gaeilge agus cosaint na bithéagsúlachta in Éirinn. Is co-bhunaitheoir den ghrúpa pobail “Fréamhú Collective” í, a bhfuil aidhm acu daoine a spreagadh a cruise Gaeilge a úsáid in éineacht le daoine úna agus timpeallacht dhearfach mhisniúil a chur ar fáil dóibh a bheith tumtha sa teanga.An bhfuil fonn ort rud éigin a chruthú? Tá tuilleadh tacaíochta ar fáil ag www.gaeilge365.ie

Jul 20, 2026

Cad a chruthóidh tú trí Ghaeilge?Labhraíomar le Seán Ó Dálaigh, innealtóir ó Bhailé Átha Cliath, a thosaigh ag obair don Chomhairle Cathrach i 2022 agus atá fós i mbun oibre ann, tar éis beagnach ceithre bliana sa Roinn Iompair agus Seirbhísí Poiblí. Tá sé ag obair ar an tionscadal Binsí Comhrá, le tacaíocht ó Gaeilge365.An bhfuil fonn ort rud éigin a chruthú? Tuilleadh tacaíochta ar fáil duit anseo www.gaeilge365.ie.

Jul 13, 2026

Cad a chruthóidh tú trí Ghaeilge? Labhraíomar le Mairéad Ní Ghabhan, atá i gceannas ar chlub reatha trí Ghaeilge i mBaile Átha Cliath. Is Bainisteoir Forbartha Coimisiúin na Meán le Coimisiúin na Meán í Mairéad. Tá suim mhór aicí sa phobal agus i rudaí a thugann daoine le chéile trí mheán na Gaeilge, agus is maith léi spásanna oscailte, fáiltiúla a chruthú ina mbíonn daoine ábalta a bheith iad féin agus triail a bhaint as rudaí nua! An bhfuil fonn ort rud éigin a chruthú? Tar i dteagmháil linn ag www.gaeilge365.ie

See all episodes →