
Show Notes
San eagrán seo, labhraíonn Jade faoi ADHD le Dr Christina Kini-Seery, atá mar thaighdeoir iardhochtúireachta in Ollscoil Mhaigh Nuad, agus faoi phlean stráitéiseach 2026-2030 ADHD Ireland a seoladh le gairid. Tá nascanna ar fáil thíos do na hacmhainní luaite le linn an agallaimh: Aip ADHD in adults - Apple Aip ADHD in adults - Android Cúrsa UMAAP le ADHD Ireland How To ADHD - Youtube How to help someone with ADHD - Youtube Suíomh gréasáin ADHD Ireland Plean straitéiseach 2026-2030 ADHD Ireland Research Gate - Dr Christina Kini-Seery Is podchraoladh de chuid Raidió Rí-Rá é Lón Machnaimh. Éist le Raidió Rí-Rá ar rrr.ie, ar D.A.B agus ar an aip.
More from Raidió Rí-Rá
Tá an comhlacht drámaíochta Aisling Ghéar tar éis leagan Gaeilge don dráma iomráiteach Pgymalion a chruthú agus iad ag dul ar an mbóthar leis timpeall na tíre an tseachtain seo chugainn. Labhair Aisling le scríbhneoir an dráma, Nuala Ní Néil, ar eagrán na seachtaine seo.
Tháinig Aisling Moran isteach go dtí an stúideó le labhairt faoin albam nua a bheidh á eisiúnt aici ar an 3ú Deireadh Fómhair sa Fumbally i mBaile Átha Cliath.
Bhí gig Airneán ar siúl againn aréir in Small Changes in Ínse Chór le Aisling Moran, And he, the fool & Rónán Ó Snodaigh. Seo chugaibh blaiseadh de!
Tá an loch is mó in Éirinn, Loch nEathach, á phlúchadh ag algaí gormghlasa. Tubaiste thimpeallachta é, an loch a bhfuil na mílte ag brath air ag fáil bháis os comhair ár gcuid súl.
Tá Gaeloideachas ag eagrú Comhdháil na Luathbhlianta a mbeidh ar siúl ar 17 Deireadh Fómhair in Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne, Baile Átha Luain. 'Ag fí na teanga' an téama atá ar an gcomhdháil agus labhair Nuala Ní Chonláin agus Katie Ní Riain faoi le hAisling ar eagrán an lae inniu.