
Show Notes
Tá Emma, Aisling agus Jade ar ais sa stiúideo le chéile!Breith suas linn agus muid ag déanamh plé ar an nuacht is déanaí i saol an cheoil agus ag cuimhneamh siar ar scéalta na bhféilte ceoil thar na blianta! Labhrímid faoin scannán nua 'Tony', ré nua Fontaines D.C., comh maith le buachphointí ⁊ ceachtanna foghlamtha ag na bhféilte ceoil. Éist le Raidió Rí-Rá ar rrr.ie, ar D.A.B agus ar an aip
More from Raidió Rí-Rá
Tá an comhlacht drámaíochta Aisling Ghéar tar éis leagan Gaeilge don dráma iomráiteach Pgymalion a chruthú agus iad ag dul ar an mbóthar leis timpeall na tíre an tseachtain seo chugainn. Labhair Aisling le scríbhneoir an dráma, Nuala Ní Néil, ar eagrán na seachtaine seo.
Tháinig Aisling Moran isteach go dtí an stúideó le labhairt faoin albam nua a bheidh á eisiúnt aici ar an 3ú Deireadh Fómhair sa Fumbally i mBaile Átha Cliath.
Bhí gig Airneán ar siúl againn aréir in Small Changes in Ínse Chór le Aisling Moran, And he, the fool & Rónán Ó Snodaigh. Seo chugaibh blaiseadh de!
Tá an loch is mó in Éirinn, Loch nEathach, á phlúchadh ag algaí gormghlasa. Tubaiste thimpeallachta é, an loch a bhfuil na mílte ag brath air ag fáil bháis os comhair ár gcuid súl.
Tá Gaeloideachas ag eagrú Comhdháil na Luathbhlianta a mbeidh ar siúl ar 17 Deireadh Fómhair in Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne, Baile Átha Luain. 'Ag fí na teanga' an téama atá ar an gcomhdháil agus labhair Nuala Ní Chonláin agus Katie Ní Riain faoi le hAisling ar eagrán an lae inniu.