
Show Notes
Gach lá le 4 bliana anuas tá grúpa ag ágóidíocht lasmuigh d'ambasáid na Rúise in Éirinn mar gheall ar an gcogadh san Úcráin, ach inniu, dhírigh an grúpa a gcuid ágóidíocht ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus ambasáid Mheiriceá i ndeisceart na cathrach. Chuaigh ár dtuairsceoir Jack Basquille amach chuig ambasáid na Stáit Aontaithe chun labhairt leo siúd a bhí i mbun ágóidíochta.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
More from Tús Áite
Ghortaigh gunnadóirí Palaistíneacha cúigear Iosraelach sular maraíodh beirt acu tar éis malartú lámhaigh fada. Mar thoradh ar an eachtra sin, d’ordaigh Príomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, dianghlasáil ar fud an Bhruach Thiar. Phléamar an scéal le Aonghus Lambkin, Comhordaitheoir Daonchairdis leis na Náisiún Aontaithe
Scéalta móra na seachtaine á bplé le Clodagh Ní Mhuirí, Comhairleoir cathrach BÁC le Fine Gael, agus Míde Nic Fhionnlaíoch, Ball de na Daonlathaigh Sóisialta. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá Dónal Lunny, Ceoltóir mór le rá a bhí mar bhall den ghrúpa Planxty, agus a bhí mar cheannródaí i saol an cheoil thradisiúnta i gcoitinne, imithe ar shlí na fírinne. Labhraíomar le Paddy Glackin, fidléir, ball bunaidh de The Bothy Band, agus le Macdara Ó Faoláin, ceoltóir traidisiúnta bouzuki a bhí ag seinm le Dónal Lunny le déanaí.
Tá an chéad bheathaisnéis mór ar Flann O’Brien nó Myles na gCopaleen nó Brian Ó Nualláin le tríocha bliain anuas á sheoladh ag ionad ollscoil Notre Dame i mBaile Átha Cliath um thráthnóna. Tá Brian Ó Conchubhair, údar agus Ollamh le Teanga agus Litríocht na Gaeilge in Ollscoil Notre Dame, linn ar an gclár chun é a phlé.
Scéalta ó na nuachtáin áitiúla ó fud fad na tíre á gcur i láthair ag Jack Basquille. See omnystudio.com/listener for privacy information.