
Lón Machnaimh: Conas pobal sláintiúl, Gaelach & inbhuanaithe a chruthú ón mbonn aníos le Clíodhna Ní Mhianáin
Raidió Rí-RáShow Notes
Táimid ag dul ó thuaidh ar eagrán na seachtaine seo go baile beag gaelach i gcontae Dhoire darb ainm Carn Tóchair. Seans nár chuala cuid agaibh faoin mbaile seo cheana, ach le déanaí mhol coiste Oireachtais na Gaeilge go mbeadh sé ina pholasaí ag an Rialtas múnla Charn Tóchair a leanúint chun ceantair ‘Ghaeltachta’ a fhorbairt i ngach contae sa tír taobh istigh de 20 bliain. Siar i 1992, bunaíodh Coiste Forbartha Charn Tóchair le dul i ngleic le bánú an cheantair. Theastaigh uathu pobal tuaithe inbhuanaithe a chruthú, le daoine folláine, sona agus muiníneacha. Agus é sin ar fad a dhénamah trí Ghaeilge. Breis is 30 bliain ar aghaidh, tá an áit faoi bhláth. Labhair Aisling le Clíodhna Ní Mhianáin le tuilleadh a fhoghlaim faoin bpobal álainn seo agus le cúis a ratha a fhiosrú.
More from Raidió Rí-Rá
Tá an comhlacht drámaíochta Aisling Ghéar tar éis leagan Gaeilge don dráma iomráiteach Pgymalion a chruthú agus iad ag dul ar an mbóthar leis timpeall na tíre an tseachtain seo chugainn. Labhair Aisling le scríbhneoir an dráma, Nuala Ní Néil, ar eagrán na seachtaine seo.
Tháinig Aisling Moran isteach go dtí an stúideó le labhairt faoin albam nua a bheidh á eisiúnt aici ar an 3ú Deireadh Fómhair sa Fumbally i mBaile Átha Cliath.
Bhí gig Airneán ar siúl againn aréir in Small Changes in Ínse Chór le Aisling Moran, And he, the fool & Rónán Ó Snodaigh. Seo chugaibh blaiseadh de!
Tá an loch is mó in Éirinn, Loch nEathach, á phlúchadh ag algaí gormghlasa. Tubaiste thimpeallachta é, an loch a bhfuil na mílte ag brath air ag fáil bháis os comhair ár gcuid súl.
Tá Gaeloideachas ag eagrú Comhdháil na Luathbhlianta a mbeidh ar siúl ar 17 Deireadh Fómhair in Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne, Baile Átha Luain. 'Ag fí na teanga' an téama atá ar an gcomhdháil agus labhair Nuala Ní Chonláin agus Katie Ní Riain faoi le hAisling ar eagrán an lae inniu.