
Show Notes
Bronnfar Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta 2026 ar Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ag ceolchoirm speisialta in Ionad Cultúrtha Brú Ború i gCaiseal, contae Thiobraid Árann ag 7 i.n. anocht. Labhair muid le Tomás Ó Maoldomhnaigh, Ardrúnaí Chomhaltas Ceoltóirí Éireann.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
More from Tús Áite
Scéalta ó na nuachtáin áitiúla ó fud fad na tíre á gcur i láthair ag Jack Basquille. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Is feiniméan aimsire é El Niño ina n-éiríonn uiscí dromchla an Aigéin Chiúin níos teo ná mar is gnách, rud a mbíonn tionchar aige ar phatrúin aimsire ar fud an domhain. Táthar ag súil leis an mbuaicphointe i mí na Nollag. Seo tuairisc ag Cearbhall Ó Síocháin ar an eachtra aeráide agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige orainn. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Labhair muid faoi thaithí mhúinteoirí thar learr, coinníollacha, agus an aighneas pá sa bhaile le beirt a thóg an chinneadh fágáil, Áine Ní hEósa, Múinteoir bunscoile as Corcaigh, Perth, agus Eva Ní Dhoibhleann, Múinteoir bunscoile as Gaoth Dobhair, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha.
D'fhág níos mó ná 70,000 duine na ranna éigeandála ospidéil gan fanacht, nó d'fhág siad sular críochnaíodh a cóir leighis, le linn na chéad seacht mí den bhliain seo, de réir figiúirí nua. Phléamar é le Dr. Anthony O'Connor, Dochtúir Comhairleach in Oispidéal Thamhlachta agus Ollamh le Leighis i gColáiste na Trionóide. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Scéalta móra polaitíochta na lae á bplé le Donncha Ó Murchú, Comhfhreagraí Polaitíochta Nuachta RTÉ/TG4.