
Show Notes
Lean an comhrá ón lá inné le Rosemary Day ar aghaidh inniu, bhí go leor le rá aici maidir leis an mír sa leabhar aici faoi Raidió na Gaeltachta agus na hathruithe a dhéanfadh sí air. See omnystudio.com/listener for privacy information.
More from Tús Áite
Ghortaigh gunnadóirí Palaistíneacha cúigear Iosraelach sular maraíodh beirt acu tar éis malartú lámhaigh fada. Mar thoradh ar an eachtra sin, d’ordaigh Príomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, dianghlasáil ar fud an Bhruach Thiar. Phléamar an scéal le Aonghus Lambkin, Comhordaitheoir Daonchairdis leis na Náisiún Aontaithe
Scéalta móra na seachtaine á bplé le Clodagh Ní Mhuirí, Comhairleoir cathrach BÁC le Fine Gael, agus Míde Nic Fhionnlaíoch, Ball de na Daonlathaigh Sóisialta. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá Dónal Lunny, Ceoltóir mór le rá a bhí mar bhall den ghrúpa Planxty, agus a bhí mar cheannródaí i saol an cheoil thradisiúnta i gcoitinne, imithe ar shlí na fírinne. Labhraíomar le Paddy Glackin, fidléir, ball bunaidh de The Bothy Band, agus le Macdara Ó Faoláin, ceoltóir traidisiúnta bouzuki a bhí ag seinm le Dónal Lunny le déanaí.
Tá an chéad bheathaisnéis mór ar Flann O’Brien nó Myles na gCopaleen nó Brian Ó Nualláin le tríocha bliain anuas á sheoladh ag ionad ollscoil Notre Dame i mBaile Átha Cliath um thráthnóna. Tá Brian Ó Conchubhair, údar agus Ollamh le Teanga agus Litríocht na Gaeilge in Ollscoil Notre Dame, linn ar an gclár chun é a phlé.
Scéalta ó na nuachtáin áitiúla ó fud fad na tíre á gcur i láthair ag Jack Basquille. See omnystudio.com/listener for privacy information.