
20260914_IRISH__an_taoiseach_agus_uachtaran_mheiricea_i_gco.an_chlair
Learn Irish with daily podcastsShow Notes
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
Contact: [email protected]
The Taoiseach and the President of the United States in County Clare.
An Taoiseach (leader) agus Uachtarán Mheiriceá i gContaeAn Chláir.
Taoiseach Micheál Martin will again be with US President Donald Trump today."
Beidh an Taoiseach Micheál Martin arís inniu i dteannta Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump.
The two will be in Doonbeg in County Clare and will be joined by the Taoiseach, Minister Patrick O'Donovan and Minister of State Charlie McConalogue.
Sa Dún Beag i gContae An Chláir a bheidh an bheirt agus in éineacht leis an Taoiseach beidh an tAire Patrick O'Donovan agus an tAire Stáit Charlie McConalogue.
Today is the second day of President Trump's visit to this country.
Is é inniu an dara lá de chuairt an Uachtaráin Trump ar an tír seo.
He had barely set foot on the Phoenix Park grounds yesterday when a statement of his drew controversy when he claimed that having a United Ireland was not bad at all.
Ar éigin a bhí cois leagtha aige ar thalamh Pháirc an Fhionnuisce inné ná gur tharraing ráiteas dá chuid conspóid agus é ag maíomh nár dhona ar chor ar bith é Éire Aontaithe a bheith againn.
'It will happen sooner or later' he said, 'it would be better if it happened now and the right man is here by my side to ensure the process begins' as he nodded towards the Taoiseach.
'Tarlóidh sé luath nó mall' a dúirt sé, 'nárbh fhearr go dtarlódh sé anois agus tá an fear ceart anseo le mo thaobh lena chinntiú go dtosaítear an próiseas' agus é ag sméideadh i dtreo an Taoisigh.
If Sinn Féin was happy with the statement, it angered Unionist leaders in the north and British Prime Minister Andy Burnham was no less pleased."
Má bhí Sinn Féin sásta leis an ráiteas, chuir sé ceannairí Aontachtacha ó thuaidh le báiní agus ní mó ná sásta ach oiread a bhí Príomh- Aire na Breataine, Andy Burnham.
President Trump has been attending the Irish Open Golf Tournament since yesterday.
Is ag freastal ar Chomórtas Oscailte Gailf an 'Irish Open' atá an tUachtarán Trump ó inné.
He is scheduled to present the winner's prize today before boarding 'Air Force One' at Shannon to return home.
Tá sé i gceist go mbronnfaidh (award) sé duais an bhuaiteora inniu sula dtéann sé ar bord 'Air Force One' sa tSionainn le filleadh abhaile.
Who knows, it might not be an Irishman who would be receiving a reward from him today, Offaly man Shane Lowry who has been doing brilliantly in the competition so far.
Cá bhfios nach Éireannach a bheadh ag fáil luach saothair uaidh inniu, fear Uíbh Fhailí Shane Lowry atá ag déanamh thar cionn sa chomórtas go dtí seo.