
20260915_IRISH__taoiseach,_tionscal_uisce_beatha_an-sasta_faoi_chinneadh_trump
Learn Irish with daily podcastsShow Notes
jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
Contact: [email protected]
Taoiseach, whisky industry very happy with Trump's decision."
Taoiseach, tionscal uisce beatha an-sásta faoi chinneadh Trump.
United States President Donald Trump has indicated that his decision to end the tariff imposed in America on Irish whiskey applies only to this country, rather than to the entire European Union."
Tá sé tugtha le fios ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump gur leis an tír seo amháin a bhaineann a chinneadh deireadh a chur leis an taraif a ghearrtar i Meiriceá ar uisce beatha as Éirinn, seachas leis an Aontas Eorpach ar fad.
Currently, the United States Government is imposing (cutting) a 10% tariff on whiskey produced in the Republic of Ireland, unlike whiskey produced in Northern Ireland and Scotland which is not subject to any tariff in America."
Faoi láthair, tá Rialtas na Stát Aontaithe ag gearradh (cutting) taraif de 10 faoin gcéad ar uisce beatha a dhéantar i bPoblacht na hÉireann, murab ionann agus uisce beatha a dhéantar i dTuaisceart Éireann agus in Albain nach bhfuil taraif ar bith á ghearradh air i Meiriceá.
At Shannon Airport yesterday evening, as he was about to depart Ireland, Donald Trump made it clear that he was doing the favour only for Ireland and that no other member state of the European Union was in the running."
In Aerfort na Sionainne tráthnóna inné, agus é ar tí imeacht as Éirinn, shoiléirigh Donald Trump gur d'Éirinn amháin a bhí sé ag déanamh an fhabhair agus nach raibh aon bhallstát eile den Aontas Eorpach sa mheá.
He said that various people had mentioned the matter to him over the weekend, including Taoiseach Micheál Martin and golf champion Shane Lowry."
Dúirt sé gur luaigh daoine éagsúla an scéal leis i gcaitheamh an deireadh seachtaine, an Taoiseach Micheál Martin agus an curadh gailf Shane Lowry ina measc.
He had announced the decision earlier yesterday, in front of the world, while presenting Shane Lowry with the Irish Open Golf Championship in Dunbeg, Co. Clare."
Bhí an cinneadh fógartha aige níos túisce inné, os comhair an tsaoil, agus é ag bronnadh craobh Chomórtas Oscailte Gailf na hÉireann ar Shane Lowry sa Dún Beag i gCo an Chláir.
Taoiseach Micheál Martin and a spokesperson for the Irish whisky industry have indicated that they are very pleased with the decision to end the tariff."
Tá sé tugtha le fios ag an Taoiseach Micheál Martin agus ag urlabhraí ón tionscal uisce beatha in Éirinn go bhfuil siad thar a bheith sásta faoin gcinneadh deireadh a chur leis an taraif.
Eoin Ó Catháin of the Irish Whiskey Association said the decision was a huge positive development for the industry as the United States is the largest market for Irish whiskey."
Dúirt Eoin Ó Catháin ó Chumann Uisce Beatha na hÉireann gur cor dearfach ollmhór i ngnóthaí an tionscail a bhí sa chinneadh ós iad na Stáit Aontaithe margadh is mó uisce beatha na tíre seo.
Speaking on RTÉ, the Cathán said that Irish whisky would once again be on par with Scottish whisky in the US market, not least because Ireland competes with Scotland more than any other country in terms of whisky."
Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt an Cathánach go mbeadh uisce beatha na hÉireann ar chomhchéim an athuair le huisce beatha na hAlban i margadh na Stát Aontaithe, ní nach beag ós in iomaíocht le hAlbain thar aon tír eile atá Éire i gcúrsaí uisce beatha.
He pointed out that the tariff was already having a significant impact on Irish industry and said that there was a 9% drop in sales last year – although he said the tariff was not the only reason for that."
Thug sé le fios go raibh an taraif ag dul i gcion go mór cheana ar thionscal na hÉireann agus dúirt go raibh titim de 9 faoin...