Sílim that...

#32 An Chloíteacht

Sílim that...

Show Notes

Sí an Nollaig í agus leis sin, is minic a bhíonn an chloíteacht (burnout) i mbarr a réime. Labhraím faoina raibh ar siúl agam i mbliana, m'eispéireas leis an chloíteacht, comharthaí na cloíteachta agus roinnt straitéisí lena shárú.

Seo an chéad eagrán aonair le beagnach bliain - fáilte ar ais!

Lean @silimthatpod ar Instagram agus ar TikTok!

Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a haíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh trí Ghaeilge, ach ní faoin Ghaeilge.

More from Sílim that...

Jan 24, 2024

Tá aithne ag na Gaeil ar Thomaí mar bhunaitheoir NÓS, mar aistritheoir agus mar scríbhneoir. Labhraím le Tomaí inniu mar dhuine: faoin bhás, faoin bheatha, faoin bhrón, faoi chreidimh dhifriúla agus faoi leigheas na bplandaí. Is duine ar leith é Tomaí agus bhain mé an-sult as an chomhrá seo!

Jan 17, 2024

Labhraím leis an amhránaí, láithreoir agus cruthaitheoir ábhair galánta, Máire Ní Churraoin as Ráth Chairn, faoin áthas, faoin tábhacht a bhaineann le mná ag ceiliúradh ban, faoina bród dá ceantar dúchais agus go leor leor eile.

Jan 3, 2024

Labhraím faoin tábhacht a bhaineann le "tréimhsí feithimh" inár saolta, gan glacadh leis an bhrú bogadh chuig an chéad "stad saoil" eile, cad é atá "amuigh agus istigh" domhsa in 2024, agus leideanna le sult a bhaint as mí Eanáir.

Dec 20, 2023

Labhraím le Rebecca James, coitseáil agus seachránaí, faoi theorainn, féinchúram chrua, an cinneadh ar ghlac sí gan a bheith ag ól, agus níos mó.

See all episodes →