
Show Notes
TÁ MUID AR AIS!
Más féidir le Michael Murphy pilleadh ar an pheil idirchontae, is féidir le Sílim that pilleadh ar do chluasa!
San eagrán seo tá Seachtain na hEolaíochta á cheiliúradh againn, a bhuí le Taighde Éireann. Tá an athnuachan mar théama i mbliana do Sheachtain na hEolaíochta agus chuige sin, chuir mé agallamh ar Finn Van Der Aar, eolaí muirí, údar agus urlabhraí ar son athrú aeráide agus na timpeallachta.
Tuilleadh eolais www.scienceweek.ie @researchireland ar Instagram @scienceweek ar Twitter @research_ireland ar TikTok @scienceweekireland ar Facebook www.finnvanderaar.com @finnvanderaar ar Instagram
Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a haíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh trí Ghaeilge, ach ní faoin Ghaeilge.
More from Sílim that...
Sí an Nollaig í agus leis sin, is minic a bhíonn an chloíteacht (burnout) i mbarr a réime. Labhraím faoina raibh ar siúl agam i mbliana, m'eispéireas leis an chloíteacht, comharthaí na cloíteachta agus roinnt straitéisí lena shárú.
Tá aithne ag na Gaeil ar Thomaí mar bhunaitheoir NÓS, mar aistritheoir agus mar scríbhneoir. Labhraím le Tomaí inniu mar dhuine: faoin bhás, faoin bheatha, faoin bhrón, faoi chreidimh dhifriúla agus faoi leigheas na bplandaí. Is duine ar leith é Tomaí agus bhain mé an-sult as an chomhrá seo!
Labhraím leis an amhránaí, láithreoir agus cruthaitheoir ábhair galánta, Máire Ní Churraoin as Ráth Chairn, faoin áthas, faoin tábhacht a bhaineann le mná ag ceiliúradh ban, faoina bród dá ceantar dúchais agus go leor leor eile.
Labhraím faoin tábhacht a bhaineann le "tréimhsí feithimh" inár saolta, gan glacadh leis an bhrú bogadh chuig an chéad "stad saoil" eile, cad é atá "amuigh agus istigh" domhsa in 2024, agus leideanna le sult a bhaint as mí Eanáir.
Labhraím le Rebecca James, coitseáil agus seachránaí, faoi theorainn, féinchúram chrua, an cinneadh ar ghlac sí gan a bheith ag ól, agus níos mó.