
Show Notes
Cuirimse agallamh ar Chiana, comhairleoir feidhmiúcháin intinne a mbíonn ag plé le siceolaíocht spóirt go háirithe san earnáil CLG. Oibríonn sí le The Space In Between, comhlacht a chuireann sláinte an imreora chun tosaigh, go háirithe sa phobal LADTA+. Pléann muid sin ar fad, chomh maith le rúin na hathbhliana agus cothú nósanna. D’fhoghlaim mé cuid mhór ón chomhrá seo agus tá súil agam go bhfoghlaimeoidh sibhse chomh maith.
Lean The Space In Between ar Instagram @thespaceinbetweenmpc @thespaceinbetweenasgaeilge
Lean muid ar Instagram @silimthatpod
Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a n-aíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh nua Gaeilge.
Le tacaíocht ó Gael Linn
More from Sílim that...
Sí an Nollaig í agus leis sin, is minic a bhíonn an chloíteacht (burnout) i mbarr a réime. Labhraím faoina raibh ar siúl agam i mbliana, m'eispéireas leis an chloíteacht, comharthaí na cloíteachta agus roinnt straitéisí lena shárú.
Tá aithne ag na Gaeil ar Thomaí mar bhunaitheoir NÓS, mar aistritheoir agus mar scríbhneoir. Labhraím le Tomaí inniu mar dhuine: faoin bhás, faoin bheatha, faoin bhrón, faoi chreidimh dhifriúla agus faoi leigheas na bplandaí. Is duine ar leith é Tomaí agus bhain mé an-sult as an chomhrá seo!
Labhraím leis an amhránaí, láithreoir agus cruthaitheoir ábhair galánta, Máire Ní Churraoin as Ráth Chairn, faoin áthas, faoin tábhacht a bhaineann le mná ag ceiliúradh ban, faoina bród dá ceantar dúchais agus go leor leor eile.
Labhraím faoin tábhacht a bhaineann le "tréimhsí feithimh" inár saolta, gan glacadh leis an bhrú bogadh chuig an chéad "stad saoil" eile, cad é atá "amuigh agus istigh" domhsa in 2024, agus leideanna le sult a bhaint as mí Eanáir.