
#23 Dr. Abigail Walsh: Intleacht Shaorga & An Duine Daonna Seachtain na hEolaíochta 2023
Sílim that...Show Notes
Bhí an t-ádh orm agallamh a chur ar an Dr Abigail Walsh, atá i mbun taighde ar an Phróiseáil Nadúrtha Teanga (NLP*), faoin Intleacht Shaorga (AI*) fá choinne Seachtain na hEolaíochta 2023. Téama na bliana seo le linn Seachtain na hEolaíochta ná an duine daonna, agus chuige sin, bhí mé ag iarraidh a fhiosrú: cén tionchar a bhéas ag an Intleacht Shaorga ar eispéireas an duine daonna amach anseo?
*Muna dtuigeann tú na téarmaí seo, ná bí buartha! Níor thuig mise ach oiread - pléann muid sin ar fad agus i bhfad níos mó san agallamh.
Lean @scienceireland le níos mó eolais a fháil faoi Sheachtain na hEolaíochta nó gabh chuig scienceweek.ie
Lean muid ar Instagram & TikTok @silimthatpod
Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a haíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh nua Gaeilge.
More from Sílim that...
Sí an Nollaig í agus leis sin, is minic a bhíonn an chloíteacht (burnout) i mbarr a réime. Labhraím faoina raibh ar siúl agam i mbliana, m'eispéireas leis an chloíteacht, comharthaí na cloíteachta agus roinnt straitéisí lena shárú.
Tá aithne ag na Gaeil ar Thomaí mar bhunaitheoir NÓS, mar aistritheoir agus mar scríbhneoir. Labhraím le Tomaí inniu mar dhuine: faoin bhás, faoin bheatha, faoin bhrón, faoi chreidimh dhifriúla agus faoi leigheas na bplandaí. Is duine ar leith é Tomaí agus bhain mé an-sult as an chomhrá seo!
Labhraím leis an amhránaí, láithreoir agus cruthaitheoir ábhair galánta, Máire Ní Churraoin as Ráth Chairn, faoin áthas, faoin tábhacht a bhaineann le mná ag ceiliúradh ban, faoina bród dá ceantar dúchais agus go leor leor eile.
Labhraím faoin tábhacht a bhaineann le "tréimhsí feithimh" inár saolta, gan glacadh leis an bhrú bogadh chuig an chéad "stad saoil" eile, cad é atá "amuigh agus istigh" domhsa in 2024, agus leideanna le sult a bhaint as mí Eanáir.