
Show Notes
Ceann pearsanta agus measartha mothúchánach, agus ceann atá ar intinn agam le tamall! An tábhacht a bhaineann le clabhsúr i dtréimhse áirithe, mo thaithí féin leis & cén dóigh lena bhaint amach i do shaol féin. Deireadh scoile nó ollscoile, fágáil phoist, bogadh tíre nó eile - tá clabhsúr mar chuid dó ar fad.
Lean muid ar Instagram, Tiktok agus Twitter @silimthatpod Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a n-aíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh nua Gaeilge. Le tacaíocht ó Gael Linn
More from Sílim that...
Sí an Nollaig í agus leis sin, is minic a bhíonn an chloíteacht (burnout) i mbarr a réime. Labhraím faoina raibh ar siúl agam i mbliana, m'eispéireas leis an chloíteacht, comharthaí na cloíteachta agus roinnt straitéisí lena shárú.
Tá aithne ag na Gaeil ar Thomaí mar bhunaitheoir NÓS, mar aistritheoir agus mar scríbhneoir. Labhraím le Tomaí inniu mar dhuine: faoin bhás, faoin bheatha, faoin bhrón, faoi chreidimh dhifriúla agus faoi leigheas na bplandaí. Is duine ar leith é Tomaí agus bhain mé an-sult as an chomhrá seo!
Labhraím leis an amhránaí, láithreoir agus cruthaitheoir ábhair galánta, Máire Ní Churraoin as Ráth Chairn, faoin áthas, faoin tábhacht a bhaineann le mná ag ceiliúradh ban, faoina bród dá ceantar dúchais agus go leor leor eile.
Labhraím faoin tábhacht a bhaineann le "tréimhsí feithimh" inár saolta, gan glacadh leis an bhrú bogadh chuig an chéad "stad saoil" eile, cad é atá "amuigh agus istigh" domhsa in 2024, agus leideanna le sult a bhaint as mí Eanáir.