
Show Notes
Tá mé ag iarraidh Michael Gerard a chur faoi agallamh ón bhomaite gur chinn mé go gcuirfinn tús leis an phodchraoladh seo. Bhuail mé leis agus mé ar chleachtadh teagaisc lena rang bunscoile aus chuaigh an dearcadh agus an díograis a bhí aige go mór i bhfeidhm orm. Ó shin, tá Michael Gerard éirithe as an teagasc agus labhraím leis agus é ar tí tus a chur le ré nua ina shaol: MGD Coaching. Is coitseáil saoil agus feidhmíochta (life & performance coaching) atá i gceist agus beidh sé á seoladh ar an seachtain seo chugainn. Pléann muid neart rudaí eile fosta: na leabhráin spóirt atá scríofa aige atá anois in úsáid ar fud na cruinne, an leabhar a d'fhoilsigh sé bunaithe ar na cluichí CLG do pháistí, an tábhacht a bhaineann le pobal agus caidrimh, agus conas na caidrimh is tábhachtaí i do shaol a chothú. Pléisiúr amach is amach a bhí sa chomhrá seo agus tá súil agam go mbainfidh sibh sult as. Uppa good guys!
Lean @mgdcoaching le níos mó eolais a fháil agus más suim leat coitseáil a fháil ó Michael Gerard!
Lean muid ar Instagram, Tiktok agus Twitter @silimthatpod
Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a n-aíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh nua Gaeilge.
Le tacaíocht ó Gael Linn
More from Sílim that...
Sí an Nollaig í agus leis sin, is minic a bhíonn an chloíteacht (burnout) i mbarr a réime. Labhraím faoina raibh ar siúl agam i mbliana, m'eispéireas leis an chloíteacht, comharthaí na cloíteachta agus roinnt straitéisí lena shárú.
Tá aithne ag na Gaeil ar Thomaí mar bhunaitheoir NÓS, mar aistritheoir agus mar scríbhneoir. Labhraím le Tomaí inniu mar dhuine: faoin bhás, faoin bheatha, faoin bhrón, faoi chreidimh dhifriúla agus faoi leigheas na bplandaí. Is duine ar leith é Tomaí agus bhain mé an-sult as an chomhrá seo!
Labhraím leis an amhránaí, láithreoir agus cruthaitheoir ábhair galánta, Máire Ní Churraoin as Ráth Chairn, faoin áthas, faoin tábhacht a bhaineann le mná ag ceiliúradh ban, faoina bród dá ceantar dúchais agus go leor leor eile.
Labhraím faoin tábhacht a bhaineann le "tréimhsí feithimh" inár saolta, gan glacadh leis an bhrú bogadh chuig an chéad "stad saoil" eile, cad é atá "amuigh agus istigh" domhsa in 2024, agus leideanna le sult a bhaint as mí Eanáir.