Sílim that...

#8 7 gCineál Scíste

Sílim that...

Show Notes

Ní leor codladh amháin chun do chorp a athchóiriú má tá tú scriosta... Déanaimse plé san eagrán seo ar an 7 gcineál scíste atá de dhíth orainn, cén dóigh le haimsiú má bhíonn siad de dhíth ort, agus cad é a thig leatsa a dhéanamh go praicticiúil le níos mó fuinnimh a bheith agat sa 7 ngné seo.

Mar achoimre, is iad an 7 gcineál scíste ná: scíste fhisiceach (gníomhach agus éighníomhach), scíste mheabhrach, scíste chéadfach, scíste chruthaitheach, scíste mhothúchánach, scíste shóisialta agus scíste spioradálta.

Bí liom ar Instagram fá choinne feachtas #7Lá3Nós ina mbeidh 3 nós á tógáil agam ar feadh 7 lá. Thig leatsa m'aistear a leanúint le huasdhátaithe rialta agus thig libh bhur nósanna féin a roghnú, nó mo chuid nósanna a úsáid, ar feadh 7 lá le tús a chur le d'aistear féin! Ag toiseacht ar an 23/01 go dtí an 29/01 ar @silimthatpod

Lean muid ar Instagram, Tiktok agus Twitter @silimthatpod

Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a n-aíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that...", podchraoladh nua Gaeilge.

Le tacaíocht ó Gael Linn

More from Sílim that...

Dec 12, 2024

Sí an Nollaig í agus leis sin, is minic a bhíonn an chloíteacht (burnout) i mbarr a réime. Labhraím faoina raibh ar siúl agam i mbliana, m'eispéireas leis an chloíteacht, comharthaí na cloíteachta agus roinnt straitéisí lena shárú.

Jan 24, 2024

Tá aithne ag na Gaeil ar Thomaí mar bhunaitheoir NÓS, mar aistritheoir agus mar scríbhneoir. Labhraím le Tomaí inniu mar dhuine: faoin bhás, faoin bheatha, faoin bhrón, faoi chreidimh dhifriúla agus faoi leigheas na bplandaí. Is duine ar leith é Tomaí agus bhain mé an-sult as an chomhrá seo!

Jan 17, 2024

Labhraím leis an amhránaí, láithreoir agus cruthaitheoir ábhair galánta, Máire Ní Churraoin as Ráth Chairn, faoin áthas, faoin tábhacht a bhaineann le mná ag ceiliúradh ban, faoina bród dá ceantar dúchais agus go leor leor eile.

Jan 3, 2024

Labhraím faoin tábhacht a bhaineann le "tréimhsí feithimh" inár saolta, gan glacadh leis an bhrú bogadh chuig an chéad "stad saoil" eile, cad é atá "amuigh agus istigh" domhsa in 2024, agus leideanna le sult a bhaint as mí Eanáir.

See all episodes →